top of page
Untitled design (15).png

An Chomhairle Chraiceáilte

Clár forbartha cruthaitheachta agus ceannaireachta trí Ghaeilge d'fhostaithe sna hÚdaráis Áitiúila

Cad é An Chomhairle Chraiceáilte?

Is clár ceannaireachta agus cruthaitheachta trí Ghaeilge é An Chomhairle Chraiceáilte, dírithe ar fhostaithe na gceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath.

 

Le linn clár 9 mí, oibríonn rannpháirtithe go dlúth ar fhadhbanna a aithint agus réitigh nuálacha a chruthú, ag cur na Gaeilge i gcroílár seirbhísí poiblí.

 

Ainmníodh é mar cheann de na cláir forbartha agus foghlama is fearr sa tír ag Learning & Excellence Awards 2024, ag léiriú a thionchair ar nuálaíocht agus ar an nGaeilge i seirbhísí údaráis áitiúla.

Féile na bhFéidearthachtaí
4 Márta - Halla na Cathrach

Le míonna anuas, tá 25 nuálaí ó údaráis áitiúla Bhaile Átha Cliath ag athshamhlú na Gaeilge mar inneall fáis don chontae. Ó ailtirí go hinnealtóirí, ó thógálaithe pobail go cumarsáidithe, tá na féidearthachtaí gan teorainn.

Anois, is fútsa atá sé. Ní taispeántas amháin é seo – is deis é. Bí ag plé lenár nuálaithe, déan a smaointe a dhúshlánú agus roinn d'fhís féin faoin todhchaí. Cibé an cainteoir Ghaeilge thú nó duine atá fiosrach faoin dteanga, tá do ghuth ríthábhachtach.

Scéal Ratha

TurasÓir

Is clár ceannródaíoch é TurasÓir a d'eascair as rannpháirtíocht Lesley Cowper sa Chomhairle Chraiceáilte i 2024. 

 

Díríonn TurasÓir ar thaithí turasóireachta a chruthú a thugann léargas fíor ar an nGaeilge mar theanga bheo.

 

Spreagann sé gnólachtaí turasóireachta i mBaile Átha Cliath le freastal ar spéis dhomhanda sa teanga – ó thionscnaimh chultúrtha mar Kneecap go dtí na 5 mhilliún foghlaimeoir ar Duolingo.

 

Le tacaíocht ó Bhaile Átha Cliath le Gaeilge agus Gaeilge365, tá TurasÓir ag cur béime ar eispéiris teanga fréamháithe in ionad aistriúcháin agus siombalachas. 

Tá sé ainmnithe do Ghradam Turasóireachta LAMA 2024, ag aithint a ról ceannródaíoch i bhforbairt turasóireachta bunaithe ar an nGaeilge.

TurasÓir Liam Murphy
Untitled design (12).png

Glac páirt sa ghluaiseacht

Tar i gcomhpháirtíocht linn

Táimid i gconaí ag iarraidh teacht ar pháirtithe nua ón earnáil phoiblí, earnáil ghnó nó earnáil neamhbrabúis ar mian leo tabhairt faoi nuálaíocht teanga.

Fonn nuálaíochta ort?

Bímid i gconaí ag tacú le ceannródaithe teanga ar fud fad BÁC ar mian leo tabhairt faoi thograí uaillmhianacha trí Ghaeilge.

bottom of page