
Cad é Cruthaigh?
Tá líon na gcainteoirí Gaeilge ag méadú, ach tá ganntanas deiseanna labhartha fós ann. Sin an fáth a chruthaíodh Cruthaigh – clár chun tacú le ceannródaithe tionscadail agus gnólachtaí Gaeilge a fhorbairt agus a sníomh isteach i saol an phobail.
An bhfuil fonn athraithe ort? Tar i dteagmháil linn agus cuirfimid meantóir ar fáil duit chun cabhrú le togra uaillmhianach a chur ar bun trí Ghaeilge.
Níl smaoineamh agat? Fadhb ar bith! Cuirfimid tacaíocht ar fáil duit chun smaoineamh a aimsiú a oireann do do spéiseanna agus do cheantar.

An bhfuil spreagadh uait?
An bhfuil fonn athraithe ort ach níl a fhios agat cá háit le tosú?
Tá ceannródaithe teanga ar fud BÁC ag cruthú an chéad chaibhidil eile i stair na Gaeilge ina bpobail, ag cinntiú go mbainfear amach an todhchaí gheal don teanga a theastaíonn ó na mílte.
​
Tar ar ais gach Céadaoin agus caith píosa ama ag tochailt isteach ina scéalta thíos. Aimsigh an spreagadh atá uait!

Glac páirt sa ghluaiseacht
Tar i gcomhpháirtíocht linn
Táimid i gconaí ag iarraidh teacht ar pháirtithe nua ón earnáil phoiblí, earnáil ghnó nó earnáil neamhbrabúis ar mian leo tabhairt faoi nuálaíocht teanga.
Fonn nuálaíochta ort?
Bímid i gconaí ag tacú le ceannródaithe teanga ar fud fad BÁC ar mian leo tabhairt faoi thograí uaillmhianacha trí Ghaeilge.
Clár de chuid:
