

Ag cruthú innill fáis don Ghaeilge tríd na hÚdaráis Áitiúla
Cad é Gaeilge365?
Faoi stiúir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Fine Gall, is é Gaeilge365 an chéad chlár nuálaíochta teanga in Éirinn, atá tiomanta chun go mbeidh an Ghaeilge i gcroílár sheirbhísí na n-údarás áitiúil.
Creidimid gur acmhainn ollmhór í an Ghaeilge, lán de féidearthachtaí chun pobail a shaibhriú go cultúrtha, go sóisialta agus go heacnamaíoch. Cé go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge ag méadú, tá laghdú ar na deiseanna chun í a úsáid. Feicimid ar údaráis áitiúla mar an nasc atá in easnamh chun an bhearna seo a líonadh.
Trí lionsa nuálaíochta teanga a chur i bhfeidhm ar bhreis is 1,000 seirbhís údaráis áitiúil — lena n-áirítear na healaíona, leabharlanna, forbairt eacnamaíoch agus fiontraíocht — feicimid an Ghaeilge mar uirlis, ní amháin chun seirbhísí poiblí a fheabhsú, ach freisin chun naisc bríomhara a chruthú i measc pobail.
Foireann
Aitheantas
Díríonn Gaeilge365 ar dhea-chleachtas a bhaint amach. Seo cuid de na gradaim atá tuillte againn le blianta beaga anuas:
-
URBACT Good Practice 2024
-
LAMA National Impact Award Nominee 2024
-
European Language Label 2024
-
Excellence in Learning Awards Finalist 2024
-
Chambers Ireland Finalist 2024






Glac páirt sa ghluaiseacht
Tar i gcomhpháirtíocht linn
Táimid i gconaí ag iarraidh teacht ar pháirtithe nua ón earnáil phoiblí, earnáil ghnó nó earnáil neamhbrabúis ar mian leo tabhairt faoi nuálaíocht teanga.
Fonn nuálaíochta ort?
Bímid i gconaí ag tacú le ceannródaithe teanga ar fud fad BÁC ar mian leo tabhairt faoi thograí uaillmhianacha trí Ghaeilge.