Ag forbairt scileanna cruthaitheachta agus ceannaireachta trí chlár traenála nuálaíochta a chur ar fáil d’fhostaithe seirbhísí poiblí.
An bhfuil fonn ort an todhchaí a mhúnlú? An bhfuil suim agat i seirbhísí dátheangacha a fhorbairt? An bhfuil tú réidh le fíordhifríocht a dhéanamh?
Is clár ceannaireachta & nuálaíochta aitheanta é Spreag Fís (ar a dtugtaí An Chomhairle Chraiceáilte roimhe seo), atá ag filleadh don 4ú bhliain. Reáchtáilte trí mheán na Gaeilge, tugann sé baill foirne ó údaráis áitiúla BhÁC, ón earnáil phoiblí & ó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha le chéile chun foghlaim, chun naisc a chruthú & chun smaointe a fhorbairt a dhéanfaidh athrú dearfach. Forbróidh rannpháirtithe na scileanna, an mhuinín & na naisc a theastaíonn uait chun deiseanna a aithint, réitigh a fhorbairt & smaointe a chur i ngníomh.
Le haghaidh tuilleadh eolais agus inspioráide: Féach ar an Treoir 5 Chéim & an Leabhrán Eolais.
Lean na céimeanna seo chun an clár a chur i bhfeidhm go rathúil