top of page
Untitled design (13).png

Páirthithe

Creideann Gaeilge365 i gcur chuige páirtí dírithe. An bhfuil fonn ort leas a bhaint as an nGaeilge le d'eagraíocht a láidriú?

Stiúrtha i bPáirtíocht

Bunaithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i 2023, is comhtionscnamh é Gaeilge365 idir ceithre Údarás Áitiúla Bhaile Átha Cliath – Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall, agus CCBÁC.

 

Faoi stiúir ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, is é an sprioc atá againn ná an Ghaeilge a chur i gcroílár sheirbhísí poiblí, ag cruthú deiseanna nua chun í a úsáid agus ag saibhriú ár bpobal trí nuálaíocht teanga.

Gaeilge 365 Partners

Comhpháirtithe

Oibríonn Gaeilge365 go dlúth le comhpháirtithe fud fad an státchóras agus sochaí sibhialta chun ár spriocanna a bhaint amach.

Má tá spéis agat caibhidil úr a scríobh i stair na Gaeilge do BÁC, tar i dteagmháil linn.

Conradh na Gaeilge logo

Conradh na Gaeilge

Tá ról lárnach ag Conradh na Gaeilge mar chomhpháirtí Gaeilge365, ag soláthar saineolais teanga, ag spreagadh rannpháirtíocht pobail, agus ag tacú le tionscadail nuálacha chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

BÁC le Gaeilge logo

BÁC le Gaeilge

Tá ról ríthábhachtach ag BÁC le Gaeilge i nGaeilge365, ag cur an Ghaeilge i gcroílár sheirbhísí poiblí Bhaile Átha Cliath. A bhuí lena dtacaíocht, seoladh TurasÓir, tionscadal turasóireachta ceannródaíoch a spreagann suim dhomhanda sa Ghaeilge.

Ógras logo

Ógras

Tá ról lárnach ag Ógras i nGaeilge365, ag spreagadh ceannaireacht óige trí Thodhchaí Gheal Ghaelach , clár a chothaíonn ceannródaithe óga chun tionscadail nuálacha Ghaeilge a chruthú agus a fhréamhú i bpobail.

Untitled design (12).png

Glac páirt sa ghluaiseacht

Tar i gcomhpháirtíocht linn

Táimid i gconaí ag iarraidh teacht ar pháirtithe nua ón earnáil phoiblí, earnáil ghnó nó earnáil neamhbrabúis ar mian leo tabhairt faoi nuálaíocht teanga.

Fonn nuálaíochta ort?

Bímid i gconaí ag tacú le ceannródaithe teanga ar fud fad BÁC ar mian leo tabhairt faoi thograí uaillmhianacha trí Ghaeilge.

bottom of page