
Cad é Todhchaí Gheal Ghaelach?
Tá líon na gcainteoirí Gaeilge ag méadú, ach tá bearna fós ann maidir le deiseanna labhartha sa phobal. Tugann Todhchaí Gheal Ghaelach tacaíocht do cheannródaithe óga, cinnirí pobail ár dtodhchaí chun tionscadail Gaeilge a fhorbairt agus a fréamhú ina gceantair.
Agus níl anseo ach tús. Tá daltaí idirbhliana ag dul i ngleic le clár spleodrach nuálaíochta pobail – breis agus 100 uair an chloig d’oiliúint agus de chruthaitheacht. Tá siad ag teacht suas le smaointe úra agus ag tógáil tograí a láidríonn labhairt na Gaeilge ina bpobail féin.
Fís mhór, ceannairí óga, pobail Ghaeilge bríomhara. Nach iontach é?
Scéal Ratha
Ellen Ní Bhróin & Saoirse Nic Cartháigh - Na Doirse Oscailte
Is club úrnua óige a chruthaigh Ellen Ní Bhroin agus Saoirse Nic Cárthaigh i dTamhlacht do pháistí 9-12 atá nua-tagtha go hÉirinn é Na Doirse Oscailte. Trí spraoi agus súgradh, tugtar an Ghaeilge chun beatha dóibh lasmuigh den scoil, ag cruthú spáis bríomhar agus fáilteach.
Laistigh de sheachtainí ón seoladh, bhí liosta feithimh ann, le 13 páiste cláraithe. Tá sé mar sprioc ag an tionscadal fás go cúig chlub faoi 2025, ag cur an Ghaeilge i gcroílár pobail nua ar bhealach ceannródaíoch.


Glac páirt sa ghluaiseacht
Tar i gcomhpháirtíocht linn
Táimid i gconaí ag iarraidh teacht ar pháirtithe nua ón earnáil phoiblí, earnáil ghnó nó earnáil neamhbrabúis ar mian leo tabhairt faoi nuálaíocht teanga.
Fonn nuálaíochta ort?
Bímid i gconaí ag tacú le ceannródaithe teanga ar fud fad BÁC ar mian leo tabhairt faoi thograí uaillmhianacha trí Ghaeilge.